Tuesday 10 February 2009

Súil Aitiúl le Rachel Ní Fhionnáin

LITRÍOCHT!
Anuraidh, bhuaidh Oisín Ó hEartáin (sa phictiúir ar dheis) duais liteartha an Oireachtais dá saothair dar teideal Ionsaí, a chríochnaigh sé i dteannta a sheanathair le dearcadh difriúil suimiúil ag an ndá ghlúin. Dé Céadaoin, an 18 Feabhra, ar an mBuiltín, beidh Ó hÉartáin atá trí bliana déag, chun a leabhar a sheoladh. Is é Dónal Bric a bhí i mbun na léaráidí agus is é Coiscéim a thapaidh an deis chun an leabhar a chur i gcló.
DRÁMA!
Cuirfear dráma ar stáitse ar son na carthanachta ‘MS’, i sáipéal Naomh Séamus sa Daingean ar an Aoine bheag seo. Glaonn an grúpa na ITT Players orthu féin, léachtóirí iltréitheacha ón Institúid i dTrá Lí atá ar chamchuairt timpeall Chiarraí i láthair na huaire.Is drama domhain é ‘Doll’s House’ le Ibsen bunaithe ar bheirt shaibhir; Torvald agus Nóra atá pósta ach an bhfuil siad ar a shuaimhneas? An bhfuil an saol chomh álainn ‘is a fhéachann sé do na lánúin óga álaine? De réir a chéile faigheann an lucht féachanna léargas níos soiléire faoina saol. Is annamh a bhíonn an saghas dráma seo sa Daingean mar sin beidh sé suimiúil an dráma a fheiscint sa sáipéal, an amharclann ildánach a sholáthraíonn gach saghas cur i láthair i gcroílár an bhaile.Beidh ticéadaí ar fáil ag an ndoras agus cuirfear tús leis ar an 20 Dé hAoine ach taispeántas amháin a bheidh i gceist.
BIA!
Is dúslán é beile trí chúrsa álainn folláin a ullmhú, go háirithe do bheirt le buiséad faoi euro is fiche. D’éirigh le cailín ó Chorca Dhuibhne áit a fháil sa chraobh Náisiúnta, comórtas cócaireachta do dhéagóirí. Is ionadaí í Liadáin Nic an tSíthigh don chumann rothlach sa Daingean. Roghnaíodh í chun dul chomh fada leis an bpríomhchathair ar an 28 Feabhra nuair a bheidh ceathrar eile ina tenanta ag iarriadh na moltóirí a shásamh.

1 comment:

Anonymous said...
This comment has been removed by a blog administrator.