Tuesday 10 February 2009

Ceol i gCorca Dhuibhne

Mo Cheol Thú!
le Rachel Ní Fhionnáin
Seo mí l’Amour le lá Fhéile Vailintín ag teannadh linn, ach roimhe sin agus ina dhiaidh cuirfear ceolchoirmeacha agus imeachtaí ar siúl sa cheantar a bheidh mar chéiliúradh don amour a bhíonn againn sa cheol, daoine ar nós John Spillane, Jim Murray, Séamus Begley, Amhránaithe óga an cheantair agus Mick Flannery. Bhuaidh John Spillane Top Solo Performer in Concert- 2009 san Irish Music Awards agus ainmníodh é do Ghradam Meteor i mbliana agus beidh deis freastal ar a cheolchoirm anseo. Muna bhfuil albam dó: The Gaelic Hit Factory, le Louis De Paor ina theannta, cloiste agat cheana, dean iarracht éisteacht leis. Ritheann focail an fhile De Paor agus ceol Spillane le chéile agus is albam iontach réchúiseach, úr é. Tá an dlúthcheirnín Irish Songs we learned at school díreach eisithe agus má’s rud é gur fhoghlaimís na hamhráin scoile ar nós Poc ar Buille, Báidín Fheilmí, Trasna na dTonnta, rithfidh smaointí scoile ar ais chugat gan mhoill. Dóibh siúd gur spéis leo an Corcaíoch a fheiscint beo, beidh an t-ádh leat ar an 6 Feabhra. Beidh Spillane ag seinmt i dtigh tábhairne Mhac Cárthaigh ar a naoi a chlog. Toisc go bhfuilimíd lotaithe ó thaobh an cheoil anseo timpeall, dhá oíche ina dhiaidh sin, beidh seoladh dlúthcheirnín nua Séamus Begley agus Jim Murray in Ard an Bhóthair i gCeann Trá , an 8 Feabhra, ar a 5.30pm. Éirí go Lá dar teideal an t-albam nua agus tá suíomh nua gur fiú féachaint air… http://www.seamusbegleyandjimmurray.ie/. Beidh Raidió Na Gaeltachta ag taifeadadh agus gealltar an-lá Dé Domhnaigh. Beidh daoine ag teacht ó chian ‘is ó chóngair, mar sin téir go dti Ceann Trá chun ceol den scoth a chlos ó cheoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír. Beidh an ceoldráma Mamma Mia, á léiriú ag idirbhliain Chorca Dhuibhne ar stáitse sara fada i Halla na Feothanaí ar a 8pm ar an 10, 11 agus 12 Feabhra. Faoi láthair tá an cleachtadh faoi lánseoil, na daltaí ag amhrán ó mhaidin go tráthnóna le haistriúcháin na n-amhrán ABBA curtha i gcrích: Airgead Airgead Airgead, Waterloo, Bean Rí an Rince, Gimme Gimme Gimme! Deir na daltaí go mbeidh an léiriú i bhfad níos fearr ná an scannán Hollywood (faoi stiúir ag Phyllida Lloyd)… Gan amhras, beidh, mar sin, go dtí Halla na Feothanaí sibh! Bhí Mick Flannery linn sa Daingean i sáipéal Naomh Séamus in Other Voices roimis na Nollag agus tá sé ag filleadh anseo arís i dtigh tábhairne Mhac Cárthaigh ar an 27 Feabhra ar a 9pm. Bhí Flannery gnóthach i mbliana ar chamchuairt timpeall na tíre leis an amhránaí álainn Lisa Hannigan, é mar thacaíocht di le hamhráin óna albam domhain, macánta White Lies. Seineann an bheirt Christmas past le chéile, beirt cheoltóirí uamhala agus cúthaileacha lán le talann. N’fheadair an dtiocfaidh Ms Hannigan ar chuairt ach go deimhin, beidh Mick sa Daingean lena bhanna ceoil agus is fiú na ticéidí a chur in áirithint…anois! http://www.maccarthyspub.com/.

No comments: