Thursday 14 May 2009

Féile Scéalaíochta agus Amhránaíochta

Féile Scéalaíochta agus Amhránaíochta Oidhreacht Chorca Dhuibhne
22ú Bealtaine, 2009.
Beidh Comórtaisí Amhránaíochta agus Scéalaíochta don aosóg á n-eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne an Aoine seo, 22ú Bealtaine 2009.
Beidh Comórtas Amhránaíochta Fé 12 agus fé 15 ar siúl sa Mháimín i mBaile an Fheirteáraigh (sa phictiúr) ag 7.30 agus Comórtaisí Scéalaíochta fé 12 agus fé 15 ar siúl sa Mhúsaem ar an Aoine chomh maith ag 7.00. Bronnfar buanchorn agus bonn óir don gcéad áit sa dá chomórtas fé 12 agus bonn óir agus bonn airgid ins na comórtaisí fé 15. Fáilte mhór roimis mhuintir na háite teacht agus éisteacht leis na hamhránaithe agus na scéalaithe óga seo. Beidh an ócáid á eagrú le tacaíocht Ealaíon na Gaeltachta. Gach eolas Áine Uí Laoithe/Máire Uí Shíthigh 066-9156100.

No comments: